Folúntas

 


FOLÚNTAS Bainisteoir Tionscadal

TUARASTAL  €54,764 (GRÁD ARDOIFIGEACH FEIDHMIÚCHÁIN)

LÁTHAIR OIBRE Obair Chumaisc. Beidh cruinnithe foirne ar siúl go tráthrialta, i nGaillimh nó i mBaile Átha Cliath, agus iarrfar ar gach oifigeach freastal ar na cruinnithe seo ar an láthair seachas go fíorúil.

TRÉIMHSE Conradh 2 bhliain agus gabhann tréimhse promhaidh sé (6) mhí leis.

MAIDIR LINN 

An mhóraidhm atá ag Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí ná deiseanna a chruthú do na daoine atá fostaithe san Earnáil Phoiblí a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge:

  • aithne a chur ar chomhghleacaithe fud fad na hearnála;

  • bualadh leo ag ócáidí rialta Gaeilge/dhátheangacha;

  • comhluadar le Gaeilge a chothú ina dtimpeallacht oibre;

  • leas agus sult a bhaint as deiseanna siamsa, dioscúrsa agus caithimh aimsire trí Ghaeilge.

Tá sé beartaithe 4 mhór-imeacht a reáchtáil in aghaidh na bliana, mar aon le himeachtaí réigiúnacha, sainspéise agus eile a bheidh saor in aisce do bhaill an Ghréasáin.


PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ

·       Plean Gréasán na hEagraíochta a chur i bhfeidhm;

·       Clár Imeachtaí Siamsa / Sainspéise  chomh maith le Turais / Camchuairteanna a leagan amach agus a stiúradh;

·       Straitéis Margaíochta a ullmhú & a chur i bhfeidhm;

·       Clár Taighde & Aiseolais a bhainistiú;

·       Dea-chaidreamh agus cumarsáid éifeachtach le hinstitiúidí na hearnála poiblí, leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile a dheimhniú agus a fhorbairt;

·       Feachtais i dtaca le leathnú labhairt na Gaeilge a bhunú agus a stiúradh go tráthrialta

·       Faisnéis cothrom le dáta a bhailiú maidir leis an bpobal ar a bhfuilimid ag freastal orthu (suirbhéanna/aiseolas/moltaí);

·       Buiséad a bhainistiú;

·       Tuairiscí tráthrialta a chur ar fáil maidir le cur i gcrích chuspóirí an Phlean Gréasán; &

·       Dualgais eile de réir mar is gá.

TAITHÍ, SCILEANNA, EOLAS & CÁILÍOCHTAÍ RIACHTANACHA

·       Sárscileanna ceannaireachta, bainistíochta, eagrúcháin agus cumarsáide mar aon le pearsantacht spreagúil, ceannródaíoch;

·       Eolas ar an earnáil phoiblí, ar ghníomhaireachtaí stáit agus ar pháirtithe leasmhara eile;

·       Ardchaighdeán scríofa agus labhartha i nGaeilge agus i mBéarla;

·       Súil ghéar anailíseach i mbun oibre; &

·       Muiníneach, tiomanta agus ábalta baill foirne agus oibrithe deonacha a bhainistiú.

 

INNIÚLACHTAÍ

·       Taithí ar Bhainistiú Foirne;

·       Taithí Margaíochta; &

·       Cáilíocht Cumarsáide.

 

Tugtar an méid seo thuas mar threoir ghinearálta ar chúraimí agus fhreagrachtaí. Ní gá gur cur síos iomlán é ar dhualgais uile an phoist.

Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag an An Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta agus á riar ag An tOireachtas.

 

PRÓISEAS IARRATAIS
CV agus litir/ráiteas pearsanta (i.e., nach mó ná 300 focal) ina dtugtar breac-chuntas ar an bhfáth a gcreideann tú go gcomhlíonann do scileanna, do thaithí agus do luachanna riachtanais an phoist seo.

 

Is fostóir comhionannas é An tOireachtas agus is í an Ghaeilge teanga oibre na Ceanneagraíochta.

 

Seol iarratas mar aon le CV, roimh Déardaoin, 17 Iúil 2025, chuig: poist@antoireachtas.ie